Buile Shuibhne

Thriall siad mo thárrachtain

Ag teacht ina rith teann

Gur teitheas-sa rompusan

I mullaí beann

They have tried to reach me

Coming in their swift run,

That I fled before them

Into the mountain tops

 

My transgressions came with me

Whatever path I go

It is clear from the compassion shown me

I am a sheep without a shelter

Tháinig liom mo thairmtheachta

Cibé conair a théim

Is léir dhom ar m’oirchiseacht

I mo chaora gan lias

 

Tiocfaidh an reo réaltánach

I bhfearas ar gach linn

Is mé suarach, seachránach

Mise faoi ar an mbeann

The starry frost will come

Settling on every pool

I am wretched, deranged

An me under it on the mountain-peak

 

Ní charaim an stocaireacht

A chluinim go moch

Binne liom crocaireacht

Broic i mBeanna Broc

I do not love the trumpeting

That I hear early

Sweeter to me the croaking

Of badgers in Beanna Broc

 

Ní charaim an chornaireacht

A chluinim go teann

Binne liom ag damhaíreacht

Damh daichead beann

I do not love the horn-blowing

That I hear so boldly

Sweeter to me the deer-bellowing

Stag of forty points

 

Tá ábhar seisrí

As gach gleann i ngleann

Gach damh ina fhreasluí

I mullach na mbeann

The materials of the ploughman are

From each glen to glen

Each stag recumbent

At the top of the peaks

 

Cé iomaí dom dhamra-sa

As gach gleann i ngleann

Ní minic lámh airimh

Ag dúnadh a mbeann

Though many are the deer herds for me

From each glen to glen

It is not often the grip of the ploughman

Closes on their antlers

 

Damh Sléibhe ard Eibhlinne

Damh Sléibhe Fuaid féigh

Damh Ealla, damh Orbhraí

Damh lonn Locha Léin

The stag of high Mount Felim

The stag of sharp Mount Fuad

The stag of Allow, the stag of Orrerry

The fierce stag of Lough Leane

 

Damh Seimhne, damh Latharne,

Damh Line na leann

Damh Cuaille, damh Conachla

Damh Boidhre dhá bheann

The stag of Sheean, the stag of Larne

The stag of Linny of the Cloaks

The stag of Cooley, the stag of Connahill

The stag of two-peaked Boira

 

A máthair na ngraí-se

Liathadh do leann

Níl damh i do dheasca-sa

Gan daichead beann

Oh mother of these deer

Your cloak has greyed

There is no stag in your company

Without forty points

 

A dhaimh a rinne an fogharán

Chugam thar an ngleann

Maith an t-ionadh fargán

I mullach do bheann

Oh stag that made the noise

Towards me across the glen

Good are the wonderful slopes

In the top of your peaks

 

Is mé Suibhne sirtheachán

Luath a rithim thar gleann

Ní hé m’ainm dleathachán

Mó is ainm dom Fear Beann.

I am Suibhne, a poor begger,

Swiftly do I race across the glen

That is not my lawful name,

Rather my name is Man of the Peaks.

 

Cé gur iomaí m’imirce

M’éadach inniu is gearr

Mé féin a rinne m’fhoraire

I mullach na mbeann

Though many were my wanderings

My raiment today is scanty

I kept watch for myself

On the top of the mountains.

 

Beidh ann mhias mo bhith-luí

Theas ag Tuíann teann

Ag Tigh Moling bith-ainglí

Titfidh mé de bheann

There will be the place of my eternal rest

In the south at strong Tuíann

At the ever-angelic house of Molaing

I shall fall by a spearpoint

 

Chuir mise i do chumannsa

Mallacht Rónáin Finn

A bheannáin, a bhúireáin,

A bhéiceadáin binn, a bheannáin.

It put me into your company

The curse of Ronan Finn

Oh little antlered one, little bleating one,

Oh melodious little brayer, oh little antlered one.

Dónall Ó Dubhghaill

Rugadh agus tógadh Dónall in Ontáirio, Ceanada. Ardaíodh go Taoiseach na Gaeltachta é i 2019. Tá sé a’ tógaint a bheirt chailíní suas i gCeanada tríd an nGaelainn.

Previous
Previous

Brian Bóromha

Next
Next

Gabhálacha na hÉireann