Tá áthas orainn cuireadh a chur chughat chun Ollchruinniú na Bliana de Chumann na Gaeltachta, eagraíocht stiúrtha Ghaeltacht an Oileáin Úir, a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 29ú Meitheamh, 2024.
Sonraí Imeachta:
Dáta: Dé Sathairn, 29 Meitheamh, 2024
Am: 1:00 IN (Eastern) - 4:00 IN (Eastern)
Suíomh: Fíorúil - Cláraigh Anseo
Clár Oibre:
Fáilte agus Réamhrá
Athbhreithniú ar an Tuarascáil Bhliantúil agus ar na Ráitis Airgeadais
Baill Bhoird a Thoghadh
Eochairaitheasc
Urlár Oscailte le haghaidh Ceisteanna agus Plé
Nótaí Deiridh
Tá do rannpháirtíocht agus d’ionchur an-tábhachtach do rath agus fás ár n-eagraíochta. Cé nach bhfuil pribhléidí vótála ach ag baill íoctha, tá rannpháirtíocht na gcomhaltaí uile thar a bheith tábhachtach agus sinn ag machnamh ar an méid atá bainte amach againn le bliain anuas agus ag pleanáil don todhchaí. Táimid ag tnúth le do fhreastal agus do chuid smaointe. Cuirfear an t-imeacht sa Ghaeilge agus i mBéarla.
RSVP le do thoil trí Zoom. Glactar le hainmniúcháin do phoist cheannasaithe boird agus grúpaí oibre roimh an Ollchruinniú.
Má tá aon cheist agat nó má tá tuilleadh eolais uait, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn. Go raibh maith agat as do thacaíocht agus do thiomantas leanúnach do Chumann na Gaeltachta agus do Ghaeltacht an Oileáin Úir.
Le meas,
Dónall Ó Dubhghaill
Taoiseach agus CEO
Cumann na Gaeltachta
info@gaeilge.ca