Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar
1990-Anois: Athbheochan Teanga
“...ní lasta comharthaí le haghaidh rudaí faoi leith amháin, nó le haghaidh coincheap nó mothúchán, a iompraíonn teanga léi, ach fós claonta tuisceana, réamhbhreithiúnais, miotais, séimeantaic agus saindearcadh. Gabhann cuman coincheaptha, íomháineacht agus taithí mhaireachtála an phobail stairiúil ar leo an teanga leis an saindearcadh. Ar an ábhar sin, ní malairt comharthaí nó focal amháin a idirdhealaíonn teangacha óna chéile ach meon sinseartha agus eispéireas faoi leith.”
- Gearóid Ó Clérigh (1)
Cé go bhfuil tuairim is 70 milliún duine ar fud an domhain le sinsear Éireannach, tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge go dtí an bpointe go bhfuil saol na teangan i mbaol agus go dteastaíonn iarracht chomhbheartaithe chun cainteoirí nua a chruthú chun maireachtaint na Gaeilge.
Gaeltacht an Oileáin Úir
Agus é ag aithint go raibh teorainn le cainteoirí an-mhianach toisc nach raibh deiseanna tumfhoghlama ar bith le fáil acu i Meiriceá Thuaidh, bhunaigh Séamus Mac Concharraige Cumann na Gaeltachta i 1994. Thosnaigh an eagraíocht seo ag tairiscint cúrsaí tumoideachais ar dheireadh seachtainí, i bhfad na haimsire ag forbairt go Gaeltacht an Oileáin Úir, a osclaíodh go hoifigiúil in 2007 faoi cheannaireacht Arailt Mhic Ghiolla Chainnigh. Tugadh “an fhorbairt is suntasaí don Ghaeilge taobh lasmuigh d’Éirinn ar na mallaibh” ar bhunú Ghaeltacht an Oileáin Úir.(2) Tá ról lárnach ag Gaeltacht an Oileáin Úir in athbheochan na teanga ar fud Mheiriceá Thuaidh. Cothaíonn an Ghaeltacht tuiscint pobail i measc foghlaimeoirí agus cainteoirí agus tugann sí deis do phór na nGael ceangail arís lena n-oidhreacht shaibhir chultúrtha.
Caomhnaíonn an Ghaeltacht cuimhne na n-iománaithe sin a streachailt lena dteanga a athghabháil nó í a choinneáil in éadan gach cosúlachta, chun í a chaomhnú dúinne inniu: cainteoirí ar nós Aloysius ‘Aly’ O’Brien, ar a dtugtar ‘an cainteoir deireanach Gaeilge i dTalamh an Éisc’ a lean, trí ghrá agus dúthracht dá theanga, ag múineadh na Gaeilge óna leaba san ospidéal gur cailleadh in 2008 in aois a 93 bliain é.(3)
Dearcadh Eitneach agus Teanga na Gaeilge
Tá eitneachas na hÉireann fós láidir i gCeanada. Is é an ceathrú grúpa eitneach is mó sa tír é. Tá thart ar 4.5 milliún Ceanadach ag éileamh de bhunadh Éireannach iomlán nó páirteach. Tá tionchar na hoidhreachta Gaelaí le feiscint i logainmneacha ar fud Cheanada, mar shampla Antrim, Dublin, Killarney, Waterford, agus áiteanna eile, a nochtann bunús na luath-lonnaitheoirí. Tá cúrsaí ag leibhéal ollscoile bunaithe ag St Thomas (BÚ / NB), St. Francis Xavier agus Naomh Muire (AN / NS), Memorial (TanÉ / NL), Torontó agus Ottabha (ON), agus Concordia (CC / QC).
Dar le daonáireamh 2006, bhí 6,015 cainteoir “Gaelic” fágtha i gCeanada,(4) agus aon trian díobh sin ag baint úsáid as Gaeilge na hÉireann agus í a labhairt go laethúil nó go seachtainiúil. Tá go leor náisiúnach Éireannach ina gcónaí i gCeanada faoi láthair, ach ní úsáidtear an Ghaeilge ach ag cuid bheag dóibh siúd. Tá líon na gcainteoirí Gaeilge a rugadh i gCeanada níos ísle fós, timpeall 500 ar fúd na tíre, ach trí athghabháil na teangan atá cuspóir tógtha acu don nGaeilge ina saol, le timpeall 80% de chainteoirí sin ag rá go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil.(5)
Siombail Oidhreachta
Sa bhliain 2013, labhair an spásaire Ceanadach Chris Hadfield as Sarnia, Ontáirio an Ghaeilge don chéad uair sa Spás, agus é ar bord an Stáisiúin Spáis Idirnáisiúnta. Scríobh Seán Tadgh Ó Gairbhí: “Here was a language that clings stubbornly, if a little forlornly, to its status as the oldest living vernacular in Europe, fully alive again for a brief moment in the cosmos.”(6) Seasann an ócáid seo mar shiombail de láithreacht bhuan na Gaeilge agus an tábhacht a bhaineann léi maidir le hoidhreacht uathúil Cheanada a cheiliúradh.(7)
Ní raibh tráth ar bith le beagnach leath mílaois de stair na nGael i gCeanada nach raibh an Ghaeilge le clos áit éigin ar fud na tíre. D’ainneoin na ndúshlán atá le sárú aici, leanann an Ghaeilge ag nascadh daoine lena fréamhacha agus ag cothú bród as a bhféiniúlacht chultúrtha mar Ghaeil. Mar a deir Aralt Mac Giolla Chainnigh, iar-Thaoiseach Ghaeltacht an Oileáin Úir:
“...it is ‘my language’. It is the language of my ancestors, a language that they did not part with willingly, and a language which represents a cultural achievement surpassing any other single innovation of the Irish people.”(8)
Le haghaidh lua, bain úsáid as: Ó Dubhghaill, Dónall. 2024. “1990-Anois: Athbheochan Teanga.” Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar. Gaeltacht an Oileáin Úir: www.gaeilge.ca
Is tuairimí an údair amháin iad aon tuairimí a nochtar, agus b’fhéidir nach léiríonn siad tuairimí Chumann na Gaeltachta.
-
Ó Clérigh, Gearóid. 2004. An Ghaeilge: A Feidhm Feasta agus i gCónaí. Coiscéim: Indreabhán. 1-2.
McMonagle, Sarah. 2012. “Finding the Irish Language in Canada.”New Hibernia Review. 16.1 (Spring).
Alec McDonald, the last native speaker of Scottish Gaelic in Ontario, passed away in 2001 marking the end of five generations speaking Gaelic in his community of Gleann Garadh. On his deathbed, he said: “All I ask is that someone talk to me in the Gaelic before I go then I’ll be ready.”
The Canadian census does not differentiate between any of the Gaelic languages, and many Canadians maintain the historical term “Gaelic” for the Irish language
Mac Giolla Chainnigh, Aralt. “Cá Mhéad Gaeilgeoirí Atá Ina gCónaí i gCeanada?.” Lúibín. Lúnasa (2005).
Ó Gairbhí, Seán Tadhg. 2013. “Let’s not lose our native tongue in outer space.” Irish Times [Dublin] 21 Feb 2013.
Mac Giolla Chainnigh, Aralt. “Peirspictíocht Phearsanta ar an nGaeilge mar Dhara Teanga.” Personal papers.
All other cited references, numbers, or quotations as from: Ó Dubhghaill, Dónall (Doyle, Danny). 2019. Míle Míle i gCéin: The Irish Language in Canada. 2nd Ed. Boralis Press: Ottawa.
Lóchrann an Oireachtais
Ba é Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, a chuir an Lóchrann i láthair agus tá an Lóchrann ina shiombail d’Oireachtas na Gaeilge Cheanada ó Lá Cheanada 2013.
Mias Ráth Chairn
Bhí an mhias seo i láthair ag Gaeltacht Ráth Chairn, Co. na Mí, mar bhronntanas cairdis le Gaeltacht an Oileán Úir, le linn Thóstal na Gaeilge 2013.
Eithne Dunbar, ball de bhunaitheoirí Chumann na Gaeltachta agus de Chumann Gaelach Brockville, ag canadh amhrán Thalamh an Éis de Dhonnchadh Mac Conmara. Tacaíonn a cuid albam go dúthrachtach leis an nGaeltacht.